GEARR-PHAIDIR   LAETHÚIL (#13767)

Tugaim fianaise, a Dhia, gur chruthaigh tú mé chun tú a aithint agus a adhradh. Dearbhaím san am seo mo neamhéifeacht agus do neart, mo bhochtanas agus do shaibhreas. 

Níl Dia ar bith eile ann ach tú, an Cúntóir i mbaol, an Féin-Chothaitheach.

-Bahá'u'lláh
-----------------------

